Cláraíodh breis is 18,000 mac léinn chun vótála mar chuid den Fheachtas Náisiúnta

Fáiltíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn roimh an iarracht mhór ar fud na tíre a chuir breis is 18,000 mac léinn ar chlár na dtoghthóirí roimh na reifrinn éagsúla agus Ollthoghchán a bheas ar siúl in 2018. Léiríonn an uimhir seo gur mhéadaigh na figiúirí clárúcháin faoi dhó ón mbliain 2017, rud nár chuir iontas ar Uachtarán AMLÉ, Michael Kerrigan, a dúirt:

‘Le cinneadh maidir le maoiniú an Ardoideachais ag druidim linn, gan trácht ar reifreann ar an Ochtú Leasú agus féidearthachtaí an ollthoghcháin ann freisin in 2018, tá tábhacht ollmhór ag baint le guth na mac léinn, agus tuigeann na mic léinn sin, mar is léir ó na uimhreacha clárúcháin.’

Maidir leis an chlárúchán féin, dúirt Kerrigan:

‘Tá scuainí fada mac léinn feicthe againn ó cheann ceann na tíre, agus iad ag clárú chun vótála. Bhí obair Chomhaltais na Mac Léinn ar dóigh. Léirigh na comhaltais go raibh siad gafa go mór le guthanna a gcuid mac léinn a chur ar an ardán náisiúnta, agus go dtuigeann siad na fadhbanna seo. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ár mbaill diongbháilte maidir le hathrú a chur i bhfeidhm in Éirinn.’

Bhí comhaltais mac léinn mar cheannairí ar an fheachtas clárúcháin a bhí ar siúl i gcampais éagsúla ar fud na tíre, mar chuid den fheachtas náisiúnta comhordaithe.