Gaeilge

Is eagraíocht dhátheangach í Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ). Tá polasaithe teanga ag an Aontas a chintíonn go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ann agus go mbeidh sí feiceálach in aon fheachtas nó fhoilseacháin a scaiptear in ainm na heagraíochta. Tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge togha san Aontas a thugann tacaíocht don Aontas ina iomlána chun an teanga a chur chun cinn.

Tá sé mar sprioc ag AMLÉ an Ghaeilge a neartú, ní hamháin ag an tríú leibhéal ach ar fud an oileáin. Tuigeann AMLÉ tábhacht na Gaeilge inár stair agus inár dtodhchaí, agus creideann gur chór go mbeidh ról lárnach ag an dteanga sa phobal ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

The Union of Students in Ireland is a bilingual organisation. The Union employs policies which ensure that the Irish language is used and is visible in all campaigns and publications which are published in the name of the organisation. A VP for Irish is elected onto the OB each year whose role it is to support the language within the organisation as a whole. 

It is an aim of the USI to strengthen Irish not only at the third level but throughout the island of Ireland. The USI understands the importance of the Irish language in our past and in our future, and believes that Irish should have a central role at community and national level.

Leas Uachtarán don Ghaeilge

Tá se mar dhualgas ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge teanga agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn in AMLÉ agus in Aontais tríú leibhéal thuadh agus theas.Oibríonn an LU don Ghaeilge leis na hAontais áitiúla, na hOifigigh Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn, na Cumainn Ghaelacha in institiúidí tríú leibhéal, mic léinn a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus eagraíochtaí seactracha eile atá tiománta don Ghaeilge.

Tá sé mar aidhm ag an LU don Ghaeilge mic léinn agus Aontais na Mac Léinn an Ghaeilge a úsáid trí imeachtaí agus feachtais a reáchtáil. Tugann an LU don Ghaeilge tacaíocht do bhalleagraíochtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas agus le polasaí teanga a chur le chéile. Déanann an LU don Ghaeilge stocaireacht ar pholaiteoirí agus ar eagraíochtaí Stáit maidir le cearta teanga agus dualgais an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

USI Constitution

‘5.11.1 An Leas Uachtarán don Ghaeilge (hereinafter referred to as the LU/Gaeilge) shall be responsible for carrying out Union policy on the Irish language. They shall act as an advocate for the Union’s Irish policy on a national level, encourage the use of Irish within the Union, and represent the Union’s membership on various external bodies as agreed by National Council. 

5.11.2 The LU/Gaeilge shall also be responsible for supporting Member Organisations to develop an Irish policy within their own institutions and shall produce such research and develop such support structures, as this task requires. 

5.11.3 The LU/Gaeilge shall be Chairperson of the Irish Language Committee and shall oversee its work. The function of this Committee is to support the LU/Gaeilge in developing, implementing and planning the Union’s Irish language campaign and policies.’ 

Scéim Teanga

Tá Scéim Teanga ag AMLÉ ina leagtar amach dualgais AMLÉ agus Leas-Uachtarán don Ghaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den eagraíocht féin. Tá sé mar dhualgas ag an LU don Ghaeilge an scéim teanga a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfuil an fhoireann fheidhmiúcháin ag comhlíonadh coinníollacha na scéime.

USI has an Irish language Scheme which outlines the responsibilities of USI and the Leas-Uachtarán don Ghaeilge to promote Irish within the organisational structures of USI. It is the responsibility of the LU don Ghaeilge to implement the scheme and to ensure the USI Executive Team is fulfilling the conditions of the scheme.

Coiste Cultúrtha

Tá an Coiste Cultúrtha mar fho-choiste de chuid Comhairle Náisiúnta AMLÉ ina dtagann oifigigh lánaimseartha, oifigigh pártaimseartha agus mic léinn traidisiúnta le chéile le feachtais agus imeachtaí a reáchtáil agus le cúrsaí Gaeilge a phlé i gcomthéacs náisiúnta agus áitiúil. Buaileann an Coiste le chéile gach sé seachtaine agus cruthaíonn baill an choiste polasaí don Chomhdháil Náisiúnta le ról an LU don Ghaeilge a fhorbairt agus le polasaí Gaeilge in AMLÉ a threisiú. Feidhmíonn an coiste go dátheangach agus cuirtear fáilte roimh éinne pé caidheán Gaeilge atá acu fad is atá siad tiománta don Ghaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge. Bíonn ionadaíocht ó choláistaí sna sé chontae ar an gCoiste le caidreamh chomhtuisceanach a chruthú idir mic léinn ó dheas agus ó thuadh.

 

An Coiste Cultúrtha is a sub-committee of USI National Council where full-time officers, part-time officers, and traditional students come together to run campaigns, events and to discuss the Irish language in national and local contexts. The Coiste meets every six weeks and members create policy for USI National Congress to develop the role of Leas-Uachtarán don Ghaeilge and to strengthen current Irish language policy in USI. The Coiste is run bilingually and is open to all members of USI no matter their standard of Irish, once they are dedicated to promotion of the language. The Coiste has representatives from colleges in the North to create a link between students in the South and those in the North.

Have a question about USI's Gaeilge policies or campaigns?

If you have a query about our work in all areas of Gaeilge, contact our Leas Uachtarán don Ghaeilge!

Feachtais Ghaeilge

 

An Foclóir Aiteach

 

Is eard atá i gceist leis an bhFoclóir Aiteach ná bunachar téarmaíochta do phobal LADT+ gur féidir leo iad féin agus a aitheantas a chur in iúl i nGaeilge. Creideann AMLÉ go bhfuil sé de cheart ag daoine a bheith in ann labhairt faoina bhféiniúlacht i bpríomhteanga na tíre seo. Rinneadh an obair seo in éidí le TENI agus BeLonGTo.

An Foclóir Aiteach is a database of terminology for LGBTQ+ students so that they can identify themselves in Irish. USI believes that people have the right to be able to talk about their identity in the first language of the country. This work was done in conjunction with TENI and BeLonGTo.