Seoladh foclóir aiteach i dteanga na Gaeilge inniu in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar chuid de chomhoibriú idir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), BeLonG To Youth Services, agus an Transgender Equality Network of Ireland (TENI) le tacaíocht ó Joe McHugh, Aire don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do na hOileáin. Is é ‘An Foclóir Aiteach’ an chéad fhoclóir den chineál seo in Éirinn le breis is 100 focal agus téarmaí aistrithe.

Ag labhairt ag an tseoladh, dúirt Uachtarán AMLÉ, Michael Kerrigan:

‘Tá rímead orainn ‘An Foclóir Aiteach’ a sheoladh le BeLonG To Youth Services agus TENI le tacaíocht ó Aire Mc Hugh. Creidimid gur cheart d’achan duine iad féin a aithint i dteanga arbith, agus gur cheart daoibh an deis a bheith acu cur síos a dhéanamh orthu féin i dteanga ar bith freisin. Is fadhb í an easpa téarmaíochta don phobal LADTA in Éirinn. Beidh an foclóir seo mar acmhainn úsáideach do bhaill an phobail LADTA le haistriúcháin na téarmaíochta go Gaeilge, agus beidh sé mar chéim chun tosaigh don Ghaeilge chun a bheith mar chuid d’aitheantais na ndaoine sin.’

Sheol Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais, Aire don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do na hOileáin an Foclóir Aiteach ag ÓCBÁC inniu:

‘Tá sé tábhacht an Ghaeilge a choinneáil slán agus tá rud éigin deas faoi sin a dhéanamh ón bhun aníos,’ a dúirt an tAire. ‘Tá tú ag cur leis an teanga, tá tú á láidriú. Coinníonn fiontar mar seo an teanga beo, agus gar don chroí.’

‘Tá díospóireacht ar siúl an t-am ar fad faoin teanga – an bhfuil muid ag déanamh neart mar Rialtas – ach is linne uilig an dualgas.

An rud a chaithfimid a dhéanamh mar Éireannaigh ná cinneadh a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid, giota beag di, go laethúil, agus téann sé sin go lár na cúise.’

Ag labhairt ag an tseoladh, dúirt Cearbhall Turraoin, ball de bhord TENI:

Cuirimid fáilte roimh fhoilsiú ‘An Foclóir Aiteach’ mar éacht sainitheach maidir le haitheantas inscne, léiriú inscne, agus claonadh gnéis in Éirinn. Le déanaí, tá cliú ar leith ar an tír mar cheannaire domhanda maidir le cearta LADTA, go háirithe le teacht an Chomhionannas Phósta agus ár nAcht um Aitheantas Insce. Áfach, dealraíonn sé go bhfuil deighilt idir an bealach ina chuirimid ár n-aitheantas mar dhaoine LADTA in iúl agus an bealach ina chuirimid ár n-aitheantas Éireannach in iúl. Is minic a léirítear iad mar éarnálacha difriúla, seachas éarnálacha trasnacha de shaol Éireannach. Cuireann an liosta seo, a chuimsíonn téarmaí cosúil le Trasinscneach (Transgender) agus Neamh-dhénártha (Non-binary), béim ar an bheocht agus ar an uileghabhálacht a bhaineann leis an teanga maidir lenár n-aitheantas agus ár bhféinléiriú.’

‘Ciallaíonn seoladh ‘An Foclóir Aiteach’ nach mbeidh baill den phobal LADTA fágtha gan focal níos mó inár dteanga dúchais,’ a dúirt Moninne Griffith, Stiúirthóir Feidhmiúcháin in BeLonG To Youth Services.

‘Tá focail agus frásaí againn anois a thabharfaidh cead do dhaoine iad féin a chur in iúl, agus cead dóibh a n-aitheantas féin a léiriú ar bhealach cruinn agus fiúntach. Mar phríomh-eagraíocht óige agus LADTA in Éirinn, oibrímid le daoine óga, tuismitheoirí agus oidí ar fud na tíre. Le forbairt an fhoclóra, tá acmhainn eile againn ar féidir linn thabhairt do scoileanna, ionas go mbeidh múinteoirí in ann obair lena mic léinn LADTA, agus níos tábhachtaí, ionas go mbeidh na mic léinn in ann féinléiriú agus féin-aithint ar bhealach fiúntach agus cruinn – bealach ar bith ar mhian leo. Táimid ag súil leis ‘An Foclóir Aiteach’ a roinnt mar chuid den ‘Stand Up Awareness Pack’ i mbliana, agus ag obair chun na focail seo a ardú ón leathanach go dtí an saol beo.’

Cuimsíonn an foclóir focail cosúil le Gan Inscne (Agender), Dá-inscneach (Bigender), Leath-inscneach (Demigenger), Inscne-aiteach (Genderqueer) agus Trasinscneach (Transgender).Is féidir breis eolais, agus an foclóir féin a fháil, saor in aisce, ar an nasc seo: https://usi.ie/focloir-aiteach/