Bhí ocáid an-tairbhiúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chaite. Reachtáladh ‘Traenáil na gCumann’ de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Ba í an Traenáil is mó fós a bhí ann, ónar thosaigh an ócáid i 1997, le 21 choláiste ag freastal. Gach bliain tagann Oifigigh na cumainn le chéile leis an buneolas atá uathu don bhliain a fháil agus teagmhálacha nua a dhéanamh. Le blianta beaga anuas, an ócáid seo is ea an borradh taobh thiar de fás gluaiseacht na Gaeilge sa tríú leibhéal. Toisc an eolas agus tacaíocht a fhaigheann scoláirí ann. Is cosúil, chomh maith go leanfaidh an forbairt sin bunaithe ar eolas an deireadh seachtaine seo chaite. Tá éacht ollmhór déanta ag AMLÉ, in éineacht le Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael níos déanaí, an gá don ócáid a aithint. Le hais sin tuigeadh an gá leanacht ar aghaidh leis chomh fada seo, agus é a fhorbairt go dtí an pointe ag a bhfuil sé anois.

I mbliana is léir go raibh comhaltaí ag súil go mór leis nauir a thosaigh siad ag tuirlingt i gCeann Áras Chonradh na Gaeilge ar an Aoine. Go gairid ina dhiadh sin, ag 6.30 i gColáiste na Tríonóide, cuireadh tús leis an gclár imeachtaí. Seisiún cur in aithne a bhí ann ar dtús. Tar éis sin bhí ceardlann agus seisiún eolais faoin cairt-staisiún Gaeilge, Raidió Rí-Rá. Ansin ag deireadh tháinig aoí-chainteoir na hoíche, Ciarán Ó Finneadha ós comhair an slua. Labhair Ciarán go paiseanta faoin méid a bhí ar siúl ag gníomhairí Gaeilge san 70 / 80aidí. An feachtas chun níos mó cláracha Gaeilge a fháil ar RTÉ. Níos mó cearta teanga a éalú do lucht labhartha na Gaeilge. Agus, d’inis sé conas mar a chríochnaigh sé féin leath-slí suas aeróg RTÉ. Ar aghaidh leis an slua ina dhiadh sin go Club Chonradh na Gaeilge, do oíche sóisialta.

Thosaigh an Satharn amach le ceardlanna faoi leith do na oifigigh éagsúla. Ina dhiadh sin bhí seisiúin eolais mar gheall ar an feachtais éagsúla a bhí ós a gcomhair don bhlain. Níos déanaí dáileadh eolas i dtaobh na grúpaí bainteach le Earnáil na Gaeilge agus na deiseanna a ghabhann leis an Ghaeilge. Bhí tuilleadh seisiúin tar éis briseadh beag don lón, agus ina dhiadh pléadh socruithe do Oireachtas na Gaeilge atá ag teannadh linn go tapaidh.

Mar sin ar an iomlán deireadh seachtaine tairbheach, spraoiúil a bhí ann le dream úr réidh le dul ag gníomhú i dtaobh na Gaeilge. Is cinnte go mbeidh siad thart do champas go luath. Mar sin má fheiceann tú thart iad, nó má cloiseann tú faoi ócáid éigin atá ar siúl; téir leat, tóg do chairde, bain triail as an Ghaeilge! Ní bheadh a fhios agat seans go dtaitneoidh sé leat!