Tá Seachtainí na bhFreisir faoi lán-seol. Thosaigh siad seachtain ó shin le lá na gClub i Ollscoil na hÉireann Gaillimh (OÉG), áit a fuair siad scata mór baill. An tseachtain seo tá seachtainí na Tríonóide agus Coláiste na hOllscoile BÁC ar siúl, leis an cuid eile acu ar siúl sna seachtainí amach romhainn, i gCorcaigh, Sligeach agus go leor eile.

Sna seachtainí seo earcaíonn na Cumainn Gaelaigh na baill a bheas acu agus a chabhróidh leo dul i mbun ócáidí i gcaitheamh na bliana. Is iad na baill a fhaigheann na cumainn ag tús na bliana na daoine a bheas siad ag braith orthu, don chuid is mó, tríd an bhliain ar fad.

Chomh maith céanna áfach, tá deis iontach á ghlacadh acusiúd a thagann leis na cumainn le linn na míosa seo. Bídís sa chéad bliain nó sa bhliain deireanach, tá siad ag glacadh ballraíocht le pobal faoi leith sa choláiste – Pobal na Gaeilge. Gan trácht ar na rudaí difiriúla a bheas ar siúl ag an cumainn tá go leor ócáidí náisiúnta a bheas ar siúl chomh maith mar shampla; Traenáil na gCumann agus Oireachtas na Gaeilge.

Gan dabht agus an bliain ag dul ar aghaidh beidh na hAontais éagsúla ann chun cabhrú le scoláirí, agus Oifigigh Gaeilge in an-chuid coláistí ó thaobh na teanga de. Anuas ar sin fós tá a dtacaíocht féin ag na hAontais i bhfoirm Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus Leas-Uachtarán don Ghaeilge mar chuid den tacaíocht sin.

Mar sin bainigí taitnimh as an tréimhse seo, ní ach an tús atá ann!