Gríosaíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn mic léinn chun cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín www.homes.usi.ie, suíomh a fhógraíonn lóistín le clann, sula dtagann an dara babhta de thairiscintí CAO amach.

Tá breis is 900 seomraí ar fáil ar cíos ar an suíomh idirlín lóistín, homes.usi.ie, suíomh a thugann deis d’úinéirí tí a seomraí a fhógairt do mhic léinn. Roimh an dara babhta de thairiscintí CAO amárach, cuireann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ina luí ar mhic léinn nár cheart dóibh anbhá a bheith orthu, agus gur cheart dóibh cuairt a thabhairt ar homes.usi.ie chun cuidiú leis an bhrú a bhaineann le cuardach lóistín.

Dúirt Uachtarán AMLÉ, Michael Kerrigan, ‘go bhfuil an t-úinéir tí agus an mac léinn in ann sochar a bhaint as lóistín le clann, nó ‘digs’. Tá áit shábháilte agus theolaí ag na mic léinn atá gar don áit ina bhfuil siad ag déanamh staidéir. Is féidir leis an úinéir tí thart ar €14,000 in aghaidh na bliana a fháil, gan cháin. Ar an drochuair, chuir 38 mac léinn in iúl, inár staidéar féin, nach bhfuil lóistín ar bith acu agus go raibh orthu codladh ar tholg carad, ar úrláir, nó i ngluaisteáin. Mhaígh dhá mhac léinn freisin gur chodail siad amuigh ar na sráideanna, agus gur bhain siad áis as cabhair do dhaoine gan dídean. Níl muid ag iarraidh go dtarlóidh a leithéid do mhic léinn ar bith eile.’

‘Léiríonn na 900 seomraí atá ar fáil láithreach ag an am céanna ar homes.usi.ie go bhfuil úinéirí tí ag tabhairt freagra ar ghéarchéim lóistín na mac léinn,’ a dúirt Michael Kerrigan. ‘Tá ganntanas lóistín fós ann, agus mar gheall air seo, ba cheart do gach mac léinn a bhfuil a (h)áit glactha acu ar choláiste socrúcháin a dhéanamh maidir lena lóistín anois láithreach agus cuairt a thabhairt ar homes.usi.ie.’

Is fearr dul i dteagmháil leis na húinéirí tí trí mheán an uimhir fóin agus na rialacha tí a phlé sula mbogann tú isteach. I gcás go bhfuil ceisteanna ann, cuireann AMLÉ tacaíocht ar líne ar fáil d’úsáideoirí an tsuímh ar homes@usi.ie. Cuireann homes.usi.ie comhairle lóistín ar fáil freisin. Tugann an t-aontas faoi deara freisin go mbíonn tairiscintí le fáil ar shuíomhanna lárshrutha a dhéanann leatrom in éadan na mac léinn, ach cuireann homes.usi.ie lóistín atá báúil do mhic léinn ar fáil, agus tá an suíomh féin in aisce do mhic léinn agus d’úinéirí tí araon.