‘Níor cheart go mbeidh ar mhac léinn ar bith maireachtáil trí thromluí mar seo’, a deir AMLÉ

Inniu, chuir Aontas na Mac Léinn in Éirinn fáilte roimh an bhreithiúnas a d’fhógair an chúirt Éigipteach a chuir deireadh leis na cúisimh uile in éadan Ibrahim Halawa. Tá AMLÉ ag éileamh gur cheart go mbeidh Ibrahim Halawa ar ais in Éirinn chomh luath agus is féidir. Tráchtann an tAontas freisin nár cheart go mbeidh ar mhac léinn ar bith eile maireachtáil trí thromluí mar seo.

Mar a dúirt Leas-Uachtáran AMLÉ, Síona Ní Chatháil:

‘Bhí mic agus iníonacha léinn ar fud na tíre, in éineacht lena dheirfiúracha, Somaia, Fatima, agus Omaima, taobh thiar den fheachtas chun Ibrahim Halawa a scaoileadh. Rinne muid ceiliúradh ar a lá breithe, chuaigh muid i mbun argóna gach uair ar cuireadh moill lena thriail, ach inniu táimid ag ceiliúradh a shaoirse tar éis an fheachtais seo, a bhí á thiomáint ag mic agus iníonacha léinn, agus a theaghlach féin.

‘Cé go ndearna ár Rialtas iarrachtaí chun Ibrahim a scaoileadh, bhí sé i bpríosún ar feadh ceithre bliana agus caithfear sin a aithint. Éilíonn AMLÉ go gcuirfear pleananna agus modhanna éagsúla i bhfeidhm, ionas nach ndúisíonn muid amárach le fáil amach go mbeidh mac léinn Éireannach ar strae ar an gcoigríoch, ag fáil bás den ocras, a mheabhairshláinte i mbaol, i gcillín beag i dtír eile thar lear.’

Is as Teach Giúise, Áth Cliath, d’Ibrahim. Gabhadh é i gCaireo agus é ag glacadh páirt i sluachorraíl in éadan an deireadh míleata a cuireadh le rialtas an Bhráithreachas Moslamaigh i Lúnasa 2013. Bhí sé 17 mbliana d’aois ag an am. Cuireadh moill lena thriail (in éineacht le 493 duine eile) faoi 28 ó shin. Níor léiríodh aon fhianaise in éadan An tUasal Halawa ag an chúirt.