Sheol Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) feachtas in éineacht le ceardchumainn éagsúla (TUI, ASTI, INTO agus ICTU) a éilíonn coinníollacha oibre níos fearr do mhúinteoirí faoi oiliúint agus iad ar thaithí oibre. Éilíonn na haontais gur cheart go bhfaighidh na múinteoirí faoi oiliúint tacaíocht airgid agus iad ar thaithí oibre, chun costais thaistil, lóistín, ábhar agus bia a chlúdú, nithe atá níos costasaí ná ariamh mar gheall ar an ardú i gcostais mhaireachtála na mac léinn, rud a dhéanann dochar do mhic léinn. Iarrann an feachtas ar mhúinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí nua-cháilithe suirbhé giortach a líonadh amach chun cuidiú le cur cinn an fheachtais.

Nasc don suirbhé náisiúnta do mhúinteoirí faoi oiliúint agus nua-cháilithe: https://www.surveymonkey.com/r/95S9S7H

Ag seoladh an fheachtais, dúirt Uachtarán AMLÉ, Micheál Ó Ciaragán,

‘faigheann ár múinteoirí den chéad scoth tacaíochtaí den dara grád. Tá taithí oibre mar ullmhúchán luachmhar do mhúinteoirí faoi oiliúint atá ag iarraidh a ghairmeacha mar oidí a bhaint amach, agus ní thugtar tacaíocht airgid ar bith dóibh. In éineacht le obair go páirtaimseartha, cloisimid faoi thaithí oibre a bhfuil 30-35 uair a chloig i gceist leo, gan tacaíocht do thaisteal, bhia, nó ábhar ranga. Is fíor nach bhfuil mic agus iníonacha léinn in ann coinneáil suas le costais mhaireachtála gan phost eile a bheith acu in éineacht le taithí oibre. Tá costas €12,500 ar choláiste anois, agus tá mic agus iníonacha léinn na hÉireann ag dul i ngleic leis na táillí is airde san Eoraip (tar éis an Ríocht Aontaithe). Tá sé thar am go mbeadh luach curtha ar mhúinteoirí faoi oiliúint ag an Rialtas – mura dtarlaíonn sé seo, beidh muid fágtha le ganntanas múinteoirí agus ganntanas tallainne inár scoileanna.’

‘Seo sampla eile de na deacrachtaí airgid atá roimh ár mic agus iníonacha léinn, agus feidhmíonn na deacrachtaí seo mar bhaic idir na mic léinn agus rannpháirtíocht iomlán i saol na hoibre’, mar a deir Patricia King, Rúnaí Ginearálta na Comhdhála. ‘Tabharfaidh an suirbhé comhoibríoch seo léargas ar ghnáthshaol laethúil na mac léinn, agus ar éifeachtaí na gcostas maireachtála ar a saoil agus ar a ndeiseanna. Caithfidh muid cinntiú go bhfaighidh ár múinteoirí, agus ár mic léinn ar fad, na deiseanna is fearr chun dul i ngleic le saol na hoibre, gan bhrú breise ó strus an airgid agus na gcostas eile.’

Dúirt John Boyle, uachtarán INTO go raibh na costais seo do mhúinteoirí faoi oiliúint ina cnámh spairne do INTO. Lean sé ar aghaidh, ‘ba cheart go mbeadh tacaíocht do mhúinteoirí faoi oiliúint ar fáil in éineacht le ham sa bhreis a chaitear sna scoileanna, chun dul i ngleic le costais cosúil le taisteal, éadaí scoile, ábhair ranga, agus ganntanas uaireanta oibre eile agus an taithí oibre ar siúl. Gan ghníomhaíocht rialtais air seo, bhí imeagla ann gurbh ionann rath sa seomra ranga agus cumas íocaíochta, seachas cumas múinteoireachta.’

Tá na haontais ag tabhairt cuireadh do mhic léinn agus do mhúinteoirí chun páirt a ghlacadh i suirbhé náisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na coinníollacha maireachtála atá mar chuid den eispéiris mar mhúinteoir faoi oiliúint sa lá atá inniu ann. Beidh na haontais ag iarradh cruinniú le Richard Bruton, Aire Oideachais, chun tacaíocht ó Roinn an Oideachais agus Scileanna do mhúinteoirí faoi oiliúint a phlé.