'AMLÉ' (Aontas na Mac Léinn in Éirinn) is the new name for the Union of Students in Ireland. It's a direct translation. It came into effect on 13 May 2025. The rebrand reflects the desire of the organisation to promote the use of the Irish Language.
USI was renamed 'AMLÉ' (Aontas na Mac Léinn in Éirinn) on 13 May 2025. The rebrand reflects the desire of the organisation to promote the use of the Irish Language. The translation of 'Aontas na Mac Léinn in Éirinn' to English is 'Union of Students in Ireland'.

Beidh AMLÉ ag reáchtáil ‘ComhGhael: Ollchruinniú na nGael’ ar an 7ú agus 8ú Feabhra in Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an t-imeacht oscailte do gach mac léinn agus oifigeach ó Aontas na Mac Léinn a bhfuil a gcoláiste mar bhall d’AMLÉ. Tá spásanna teoranta, mar sin bí cinnte clárú go luath. Dúnfaidh clárúchán ar an 23ú Eanáir.

Beidh costas €65 ar gach duine atá ag freastal (seachas Ollscoil na Gaillimhe) Áirítear sa táille seo dinnéar agus lóistín ar an Aoine, chomh maith le bricfeasta agus lón ar an Satharn.

Le linn an imeachta, beidh ceardlanna agus cainteanna ar siúl, chomh maith le seisiúin a dhíreoidh ar fhorbairt polasaí. Tabhair faoi deara go rithfear formhór an imeachta trí Ghaeilge.

Tosóidh an t-imeacht ag a 4 a chlog Dé hAoine, an 7ú Feabhra, agus críochnóidh sé ar a 4 a chlog Dé Sathairn, an 8ú Feabhra. Beidh an clár ama iomlán ar fáil go luath.

Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@usi.ie. Bígí páirteach sa phlé ag cruinniú speisialta!

Gaeilge Event
Deimhnigh le do thoil go mbeidh tú os cionn 18 mbliana d’aois ar an 1 Feabhra 2025.

Tabhair faoi deara go mbeidh an lóistín i mbrú a chuirfear ar fáil don ócáid seo measctha ó thaobh inscne.

Tabhair sonraí faoi aon mhíchumais soghluaisteachta atá agat.

Tabhair faoi deara go mbeidh roinnt seisiúin ag úsáid an Bhéarla ag an ócáid seo chun a chinntiú go mbeidh ionchuimsitheacht.