Tacaíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) le mic léinn iarchéime agus neamh-AE i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tar éis an deimhnithe ó bhainistíocht an choláiste go n-ardófar taillí na mac léinn seo le 5% aondeonach. Tá Comhaltas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide (CnT) agus Aontas na nIarchéimithe in éadan an bheart seo; aithníonn siad go mbeidh tionchar as cuimse ag an chinneadh seo ar leas agus chúrsaí airgid na mac léinn atá i gceist. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a sheasann ar son 374,000 mic léinn, diongbháilte go dtacóidh siad leis na Comhaltais seo chun an t-ardú seo a chur ar cheal.

Dúirt Uachtarán AMLÉ, Micheal Kerrigan:

‘Coicís i ndiadh na neamhairde a léirigh an Rialtas do mhic léinn i mBúisead 2018, tá eiseamláir eile againn den éagothroime agus den neamhionannas atá mar chroí-lár an ardoideachais anseo in Éirinn. Leis an mhéadú cíos i gcathair Bhaile Átha Cliath, gan trácht ar na modhanna tacaíochta do mhic léinn iarchéime atá fágtha ar lár, tá an t-ardú seo ag iarraidh airgead a ghoid díreach ó phócaí na mac léinn.

Lean an tUasal Kerrigan ag rá:

‘Mar a théann AMLÉ i mbun feachtais ar son scéimeanna deontas a chur ar fáil arís, agus ar son mhaoiniú poiblí an ardoideachais, ní fhágfaimid duine ar bith inár ndiaidh. Seasfaimis le mic léinn Choláiste na Tríonóide, agus le mic léinn ar fud na tíre, gan dabht, agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an bhagairt seo dá dtodhchaí.’

‘Ní féidir glacadh le hardú táillí mar seo,’ mar a dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide, Kevin Keane. Léiríonn sé seo go bhfuil bainistíocht an choláiste scartha uilig ó shaol na mac léinn; is léir go bhfuil tús áite ag an airgead. Is cuma faoi uallach atá ar mhic léinn: má tá oideachas uathu, aimseoidh siad an t-airgead. Ní eagraíocht thrádálach muid, agus má táimid ag iarraidh a bheith mar institúid foghlama sár-mhaith, caithfidh muid díriú air sin.’

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na nIarchéimithe, Shane Collins:

‘Ní féidir glacadh le leibhéal an ardaithe seo, 5%, do mhic léinn ilbhlianta. Leanfaimis ar aghaidh a obair le heagraíochtaí lastaigh agus lasmuigh den ábhar seo, ach seachas an bhearna ollmhór atá ann i maoiniú an ardoideachais, níl sé seo ceart nó cóir. Níor chruthaigh na hiarchéimithe an praiseach seo, ach ar feadh blianta anseo, iarrtar orainn an fhadhb a réiteach.

‘Caithfidh Instiúidí an Ardoideachais teacht le chéile ar an ábhar seo, má tá sé tríd an IUA nó trí eagraríochtaí eile, agus caithfidh siad tacú lena mic léinn, seachas iad a chur i bponc mar gheall ar chúrsaí airgid. Tá tada ag cur moill le Coláiste na Tríonóide anseo maidir leis na taillí seo a mhéadú arís agus arís eile, le 20% nó níos mó, le hurrús ar bith ag mic léinn faoi láthair nach rachaidh an staid chun donais dóibh.

‘Go simplí, níl an staid reatha seo maith go leor, agus tá se slítheach leanúint ar aghaidh mar seo, leis an chleachtas baolach seo.’