Cáineann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) na faillí atá déanta ag bainistíocht agus ag an Rialtas maidir le réiteach a fháil ar na hachrainn le hoibrithe Iarnród Éireann, achrainn atá mar chúis leis na mílte mic léinn atá gan taisteal chuig coláistí nó ollscoileanna inniu. Chuir na hoibrithe tús leis an chéad lá de chúig lá ar an iomlán a fograíodh mar 24 uair aicsean stailce. Lochtaigh Uachtarán AMLÉ, Micheal Kerrigan, an diúltú glan a thug an bhainistíocht ag comhlacht taistil an Stáit chun dul i ngleic le héileamh pá réasúnta ó fhoireann Iarnród Éireann.

Dúirt an t-Uachtarán, Micheal Kerrigan,

‘go raibh an fadhb seo, a chúisigh bainistíocht Iarnród Éireann, ag cur iachaill ar 1,900 oibrithe dul amach i mbun stailce, agus ag cur baic ar mhic léinn maidir le taisteal chuig an ollscoil nó chuig obair. Feictear dúinn go gcuireann an córas taistil sa tír seo bac ar mhic léinn cheana féin maidir le deacrachtaí taistil, agus iad a iarraidh dul i mbun foghlama agus airgead a thuilleadh. Má ligeann an bhainistíocht do na stailceanna seo a leanúint ar aghaidh go dtí lár mhí na Nollag, beidh contúirt ann nach mbeidh deis ag mic léinn ó cheantracha iargúlta a gcuid scrúduithe a dhéanamh.’

Lean an tUasal Kerrigan ar aghaidh, ag rá:

‘Tacaíonn mic léinn le hoibrithe Iarnród Éireann. Tá muid ag iarraidh ar bhainistíocht agus ar an Rialtas na fadhbanna atá ann maidir le heaspa pá réasúnta, rud atá tráthúil faoi láthair mar gheall ar an mhéadú suntasach i gcostais mhaireachtála, agus mar gheall ar na heasnaimh fhadsaolach atá ann maidir le maoiniú inár seirbhís taistil náisiúnta. Tá an teachtaireacht do bhainistíocht Iarnród Éireann thar a bheith soiléir: ná ligigí don fhadbh seo leanúint ar aghaidh gan réiteach, ag cur na mic léinn gan taisteal, agus na hoibrithe gan phá san áireamh.’

Beidh na ceithre lá stailce eile ar siúl dé Mháirt, an 7ú mí na Samhna, dé Mháirt, an 14ú mí na Samhna, Déardaoin, an 23ú mí na Samhna agus dé hAoine, an 8ú mhí na Nollag. Maidir le taisteal ar na laethanta sin, spreagann AMLÉ mic léinn chun modh taistil eile a eagrú, nó comhroinnt cairr a dhéanamh.