Inniu, fógraíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) go reáchtálfar sluachorraíl náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 4ú Deireadh Fómhair. Tá AMLÉ ag cur in iúl gur cheart don Rialtas gníomhaíocht láithreach a chur i bhfeidhm chun infheistíocht a dhéanamh i maoiniú poiblí an ardoideachais, agus i scéimeanna deontais i mbuiséad 2018.

Tá AMLÉ ag súil go mbeidh breis is 5,000 i láthair ag an shluachorraíl. Tá AMLÉ ag iarraidh ar Chomhchoiste an Oireachtais cinneadh stairiúil fadtéarmach a dhéanamh maidir chun infheistíocht a dhéanamh in eiseamláir ardoideachais a mhaoineofaí go poiblí, mar a leagadh amach i dtuairisc Cassells, tuairisc a foilsíodh breis is 15 mhí ó shin ar mhaoiniú an ardoideachais.

Thug Uachtarán AMLÉ, Michael Kerrigan, rabhadh dóibh siúd a cheapann gur cheart scéim iasachtaí a chur i bhfeidhm:

‘Tá an oideachas i mbaol. Ná ligigí do bholscaireacht na n-iasachtaí an dallamullóg a chur ort. Is ionann iasacht a bhraitheann ar ioncam agus ardú suntasach i dtáillí na mac léinn ó €3,000 go €5,000 in aghaidh na bliana. Nuair a ghlactar le táillí níos airde agus scéimeanna iasachta, táimid ag cur €20,000 d’fhiacha sa mhullach ar mhic léinn agus ag cur brú leanúnach orthu éalú go hiomlán as an tír seo. Bheadh an teachtaireacht do mhic agus iníonacha léinn sa todhchaí thar a bheith soiléir: glacaigí libh bhur bhfiacha, bhur gcéimeanna, agus imígí libh ar an choigríoch.’

Lean an tUasal Kerrigan ar aghaidh, ag rá:

‘Tá aontais agus ceardchumainn ag obair linn, eagraíochtaí a sheasann ar son fhoirne na gcoláistí agus ar son mac léinn tríú agus dara leibhéal. Táimid uile i mbun feachtais ar na sráideanna chun infheistíocht phoiblí a chur i bhfeidhm. Éistigí leis na daoine a mbeidh faoi thionchar an chinnidh seo. I dtír mar seo, nuair atá seans ann nach bhfaighidh na glúine romhainn morgáistí nó tithe dóibh féin, ní féidir tuilleadh fiacha a chur ar a nguaillí. Ní hionann iasachtaí agus rochtain nó caighdeán an oideachais. Beidh tuilleadh agóidí ag teacht i ndiaidh na hagóide seo, mar gheall ar neamhshuim an Rialtais maidir le hinfheistíocht sa chóras oideachais atá i mbaol i láthair na huaire.’

Maíonn an tAontas nach mbeidh iasachtaí a bhraitheann ar ioncam inmharthana. Déanfaidh siad, dar leis an Aontas, dochar as cuimse do phobail; cuirfear brú ar dhaoine óga dul ar an choigríoch. Tá eagla ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn nach mbeidh céimithe in ann teacht ar an mhargadh tithíochta, mar a léiríonn fianaise ón Nua-Shéalainn; chuir 51% de bhainc (a fuair iarratais ó iarrthóirí a raibh fiacha mac léinn orthu) in iúl go raibh na fiacha seo mar chuid lárnach den réasúnacht a bhí taobh thiar den eiteach a tugadh – is dócha go raibh 34% dóibh ag iarraidh morgáistí a fháil.

Tacaíonn an Comhaltas do Mhaoiniú Poiblí an Ardoideachais (SIPTU, IMPACT, TUI, IFUT, ISSU agus Comhairle Náisiúnta na nÓg san áireamh) leis an shluachorraíl seo.

Tá AMLÉ i mbun feachtais ionas nach nglacfar an Rialtas le tabhairt isteach ar bith de scéim iasachta a bhraitheann ar ioncam i mbuiséad 2018, agus go gcuirfear ísliú €250 i bhfeidhm ar Tháille Chúnamh na Mac Léinn, agus go ndéanfar €1.26 billiún d’infheistíocht san ardoideachas thar an chéad deich mbliana eile. Tá súil ag AMLÉ go ndéanfar an cinneadh cróga chun infheistíocht phoiblí a dhéanamh maidir leis an oideachas tríú leibhéal.