Dé Chéadaoin, an 8ú mí na Samhna, cláróidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) na mílte mac léinn chun vótála ar fud na tíre mar chuid den Lá Náisiúnta Chlárúchán Vótálaithe, a tharlaíonn go bliaintiúil. Tá an feachtas neamh-chlaonpháirteach, ‘Get RegD’, tar éis dul i gcomhpháirtíocht le Comhairle Náisiúnta na nÓg (CNnO) agus SpunOut.ie chun cinntiú go mbeidh an méid is mó daoine óga cláraithe chun vótála roimh an spriocdháta, an 25ú mí na Samhna.

Ag labhairt roimh Lá Náisiúnta Chlárúchán Vótálaithe, chuir Uachtarán AMLÉ, Michael Kerrigan, béim ar an tábhacht a bhain le clárúchán,

‘Tá clárúchán chun vótálaithe mar chuid lárnach den turas chuig coláiste. Anois, faigheann lucht na céad bhliana carta mac léinn, agus foirm chlárúchán vótálaithe. Léirigh an Reifreann Chomhionannas Pósta do mhic léinn gur féidir le vótáil difríocht mhór a dhéanamh sa saol, agus bhí sé sin thar a bheith soiléir ó scuainí na mac léinn a bhí le feiceáil san Ollthoghchán sa bhliain 2016. Tá sé an-tábhachtach do mhic léinn a bheith cláraithe, ionas go mbeidh an deis acu poláiteoirí a roghnú a bhfuil suim agus leas na ndaoine óga mar chuid tábhachtach dá bhfeachtais, agus guth a bheith acu sna reifrinn uile atá romhainn.’

Dúirt an tUasal Kerrigan go raibh sé éasca clárú ar an lá:

‘Tá na foirmeacha chlárúchán vótálaithe ar fáil ó achan Aontas/Comhaltas na Mac Léinn le linn an Lá Náisiúnta Chlárúchán Vótálaithe dé Chéadaoin an 8ú. Caithfidh mic léinn na foirmeacha a líonadh amach agus beidh do Chomhaltas na Mac Léinn in ann iad a chur sa phost ar do shon. Ansin, beidh mic léinn in ann dul ar checktheregister.ie chun cinntiú go bhfuil siad agus a gcuid cairde cláraithe chun vótála.’

Dúirt James Doorlet, an Leas-Stiúrthóir SpunOut.ie:

‘Bhí rath i gcónaí ar an Lá Náisiúnta Chlárúchán Vótálaithe, agus le neart reifreann ag teacht sa mhullach orainn in 2018 agus 2019, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh daoine óga na tíre cláraithe chun vótála ionas go mbeidh deis acu a nguthanna a úsáid i ndíospóireachtaí faoin todhchaí. Is tionscanaíocht iontach é Lá Náisiúnta Chlárúchán Vótálaithe, agus spreagann sé daoine i dtreo na rannpháirtíochta.’

Iarrtar ar mhic léinn an dréachtchlár a sheiceáil, ionas gur féidir leo a ainm a chur isteach, nó a sonraí pearsanta a athrú. Is féidir sin a dhéanamh go dtí an 25ú mí na Samhna gach bliain. Is féidir le mic léinn foirm RFA1 a líonadh isteach don dréachtchlár. Is féidir foirm RFA1 a bhailiú ó d’oifig an phoist nó leabharlann áitiúil. Má tá tú ag iarraidh clarú mar gheall ar sheoladh baile nua, ba cheart duit an t-eolas seo a chur isteach, in éineacht le do sean-sheoladh baile, ionas gur féidir tú a bhaint den chlár don cheantar sin.

Foilseofar Clár na dToghthóirí Leasaithe ar an 1ú Feabhra agus téann sé i bhfeidhm ar an 15ú Feabhra.