Polasaithe Gaeilge

2022 EM (GAE) 6: Ag Tacú le Gaeilgeoirí ó Thuaidh leis an Lá Dearg// Support Gaeilgeoirí in the North with the Lá Dearg

Proposed by QUBSU

Aithníonn an Comhdháil:

Tháinig deireadh le cruinniú idir Conradh na Gaeilge agus an Aire stáit i mBéal Feirste ar 12 Aibreán 2022 nuair a dhiúltaigh an tAire am cinntithe a chur ar fáil i gclár ama Westminster chun an reachtaíocht Gaeilge a chur i bhfeidhm faoi mar a gealladh í sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua.

Aithníonn an Comhdháil chomh maith:

Bhí sé mar bhunchloch aitheanta sa chomhaontú sin, Ré Nua Cur Chuige Nua (Eanáir 2020), go dtabharfadh na páirtithe agus / nó na Rialtais reachtaíocht Gaeilge isteach laistigh de 100 lá. Faoi 17 Meitheamh 2021 bhí spriocdháta úr tugtha ag Rúnaí Stáit na Breataine Brandon Lewis MP o lucht Chnoc an Anfa, an reachtaíocht a thabhairt isteach faoi mhí Mheán Fómhair 2021 nó go dtabharfadh a Rialtas féin an reachtaíocht fríd Westminster i mí Dheireadh Fómhair 2021. Tháinig deireadh le mandáid Stormont i mí Márta 2022 agus ag an stád sin d’fhógair Rialtas na Breataine nach raibh sin chun an reachtaíocht a thabhairt isteach an taobh seo den toghchán.

Aithníonn an Comhdháil:

Gur theip ar Tionól Thuaisceart na hÉireann a ghealltanas a chomhlíonadh chun Acht Gaeilge a chur in áit. Feachtasaíocht láidir Conradh na Gaeilge, an Dream Dearg, grúpaí pobail, aontais na macléinn, agus gníomhaíthe i dtreo Acht Gaeilge a fháil.

Creideann an Comhdháil:

Tá Gaeilgeoirí sa Tuaisceart ag fanacht i bhfad ar Acht Gaeilge, agus gur chóir dóibh siúd atá ag rialú i dTuaisceart na hÉireann obair go gníomhach chun Acht Gaeilge a chur in áit.

Sainordaíonn an Chomhdháil:

An Coiste Gnó, le béim áirithe ar an LU don Ghaeilge agus LU d’Fheachtasaíocht, chun obair gníomhach a dhéanamh chun tacú leis an Dream Dearg agus an obair i dtreo Acht Gaeilge sa Tuaisceart.

Chomh maith leis sin sainordaíonn an Chomhdháil:

Na hOifigigh Reigiúnda agus an LU d’Fheachtasaíocht chun tacú le baill taisteal go dtí an Lá Dearg ag glacadh páirte ar an 21ú Bealtaine i mBéal Feirste.

Comhdháil notes:

A meeting between Conradh na Gaeilge and the Minister of State Conor Burns MP in Belfast ended early on the 12th of April 2022. This was after the Minister refused to give a specific parliamentary date for Westminster introduction of the New Decade New Approach Irish Language legislation.

Comhdháil further notes:

The New Decade New Approach agreement (January 2020) committed parties and Governments to implementing Irish language legislation within 100 days. By 17 June 2021, the Secretary of State Brandon Lewis gave the Northern Ireland Assembly a final deadline of September 2021 to enact the legislation. Brandon Lewis committed publicly that Westminster would bring forward the legislation directly by October 2021. That deadline then changed to ‘the end of the current Stormont mandate’. All deadlines have now passed and to date no Irish language legislation has been moved or has been scheduled to be passed at Westminster.

Comhdháil acknowledges:

That the Northern Ireland Assembly has not fulfilled their repeated promises to introduce an Irish Language Act. The incredible campaigning of Conradh na Gaeilge, an Dream Dearg, community groups, students’ unions and activists in the North towards securing an Irish Language Act.

Comhdháil believes:

That Irish language speakers in the North have waited too long for the introduction of an Irish Language Act, and that those who govern in Northern Ireland must act immediately to introduce an Irish Language Act.

Comhdháil mandates:

The USI Coiste Gnó, with particular mandate on LU don Ghaeilge and VP for Campaigns, to take proactive measures to support An Dream Dearg and the work towards an Irish Language Act in the North.

Comhdháil further mandates:

The regional officers and VP for Campaigns to support MOs to organise transport to An Lá Dearg taking place on the 21/05/2022 in Belfast.

 

2022 GAE NC 1: Comhphairtíocht le Misneach/ Partnership with Misneach

Aithníonn an Chomhdháil seo:

Is grúpa é Misneach a bhfuil luachanna an cosúil linne, mar ghluaiseacht, acu; mar shampla, ag obair i dtreo na dícholínithe, ag cur deireadh le géarchéim na Gaeltachta agus tsochaí a bhfuil cothrom do chách.

Creideann an Chomhdháil seo:

Go bhfuil buntaistí le comhpháirtíocht a chrúthú le Misneach, chun dul i mbun feachtasaíocht, ag eagrú imeachtaí oideachais, pléphaineál agus traenáil d’ár oifigigh agus gníomhaithe.

Agus creideann an Chomhdháil seo:

Gur chóir dúinne mar eagraíocht le 374,000 ball ardán a thabhairt don ghrúpa gníomhaíochta seo ag ár imeachtaí agus spásanna Gaeilge.

Mar sin, Glacann an Chomhdháil seo

le comhpháirtíocht oifigiúil a chruthú idir Aontas na Mic Léinn in Éirinn agus Misneach.

Sainordaíonn an Chomhdháil seo:

Go n-oibríonn an Leas Uachtarán don Ghaeilge le Misneach chun tacú agus dul i mbun feachtais, agus imeachtaí a eagrú le chéile.

Comhdháil recognises:

Misneach is a group whose values are very similar to our own as a movement; for example, working towards decolonisation, ending the crisis in An Ghaeltacht and creating a fairer and more equal society.

Comhdháil believes:

That there are advantages with creating a partnership with Misneach, to get involved in campaigns, organising education events, panel discussions and training for our officers and activists.

Comhdháil also believes:

As an organisation with 374,000 members, we should provide a platform for this activist group within our Irish language events and spaces.

Therefore, Comhdháil Approves

The creation of an official partnership between the Union of Students in Ireland and Misneach

Comhdháil mandates:

The Leas Uachtarán don Ghaeilge work with Misneach to support and organise campaigns and hold events together.

 

2022 GAE 1:  Use of Irish Language County Names

Proposed by CMLOÉG

Comhdháil Recognises

The original place names of our towns, villages and counties north and south, place names which have a greater meaning in their original form.

Comhdháil regrets

That most of our original place names were turned into nonsensical gibberish words as part of colonial anglicisation.

Comhdháil believes

That we lost part of the heritage and culture of our towns and villages as new colonial names were forced upon them.

Comhdháil applauds

Other decolonised nations who are reclaiming and changing back to their indigenous place names, such as Mumbai instead of Bombay in India or the former country of Burma changing their name back to Myanmar.

Comhdháil also applauds

Other organisations such as the GAA who encourage the use of our county names in Irish.

Comhdháil believes

That proactive measures should be taken over time to reclaim the prominence of our Irish language place names.

Comhdháil Mandates

USI Coiste Gnó to proactively use the Irish language versions of county names as much as

possible when referring directly to counties in order to help normalise their use. This mandate would apply to press releases, letters, submissions and social media, while excluding specific names of third level colleges and MOs.

 

2022 GAE 4: Scéim Teanga 2022

Proposed by Gaeilge Working Group

Aithníonn an Chomdháil:

An tábhacht a bhaineann le scéim teanga a bheith ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn leis an nGaeilge a chur chun cinn agus í a bheith chomhtháthú in obair laethúil an Aontais.

Creideann an Chomhdháil:

Gur cheart uasdátú rialta a dhéanamh ar Scéim Teanga an Aontais chun teacht leis na hathruithe rialta a tharlaíonn san Aontas. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chuid nádúrtha d’aon obair a dhéanann AMLÉ go háirithe in aon fheachtas nó imeacht de chuid an Aontais.

Sainordaíonn an Chomdháil:

Gur cheart an Leas-Uachtarán don Ghaeilge agus Uachtarán AMLÉ Scéim Teanga AMLÉ 2022 a chur i bhfeidhm agus bheith cinnte go bhfuil an Ghaeilge mar chuid d’obair laethúil an Aontais.

Chomh Maith Leis Sin, Sainordaíonn an Chomhdháil:

Go ndéanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge athbhreithniú ar an Scéim ar a laghad gach dara bliain chun mbeadh sé ag teacht le haon san Aontas nó ó thaobh reachtaíocht an Stáit de.

Ceadaíonn an Chomhdháil:

An Scéim Teanga 2022. 

Aisghaireann an Chomhdháil: 20 GAE 2

Comhdháil Notes:

The importance of USI having an Irish Language Scheme in order to promote the language through its integration in the everyday work of the Union.

Comhdháil Believes:

That any USI Irish language scheme should be regularly updated in line with any major changes which occur in the Union. Irish should be a natural part of any work USI does, especially events or campaigns run by the Union.

Comhdháil Mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge and the USI President to implement USI’s Irish Language Scheme 2022 to ensure Irish is seen as a central part of the Union’s day to day work.

Comhdháil Further Mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to review and update the scheme at least every two years to comply with any changes to the Union or to State legislation regarding the language.

Comhdháil Approves:

The Scéim Teanga 2022.

Repeals: 20 GAE 2

2021 GAE NC 1: Síneadh Fada

Property of Congress

Congress notes with concern:

That Irish is the first language of the Irish State as outlined in the constitution and that many students on the Island of Ireland have Irish names.

Congress notes with concern:

That Ireland is one of the only countries in Europe, in which English isn’t the first official language, where computer systems in State departments and in public organisations such as Iarnród Éireann, Leap Card, and the HSE, and HEI’s are not equipped to process the síneadh fada or special characters.

Congress also notes:

That similarly in Northern Ireland there is little recognition for the síneadh fada on computer systems and within State departments.

Congress believes:

That people have the right to their identity and to have their name spelled correctly when dealing with state organisations and HEI’s and on all identification issued by these organisations for example on student ID cards, Leap Card, and on public records such as the Register of Electors.

Congress therefore mandates:

For Leas-Uachtarán don Ghaeilge to lobby public sector bodies in both jurisdictions on the island of Ireland for the recognition of the síneadh fada, and for those bodies to update computer systems to allow for the síneadh fada and other special characters, as and when these systems need to be updated.

Congress further mandates:

Leas-Uachtarán don Ghaeilge to work with Our Fada to roll out a campaign highlighting the importance of the síneadh fada as part of people’s identity as well as a potential breach in GDPR law.

 

2021 GAE NC 2: Comharthaíocht Dhátheangach ar Champas // Bilingual Signage on Campus

Property of Congress

Tugann an comhairle faoi deara

An tábhacht a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach a bheith ar fáil ar champas do mhic léinn agus do bhaill foirne le Gaeilge.

Tugann an comhairle faoi deara chomh maith

Obair na gcapall atá á déanamh ag na Cumainn Ghaelacha agus na Aontais na Mac Léinn ó Thuadh agus iad ag feachtasaíocht ar son na gcomharthaí dátheangacha seo.

Creideann an comhairle

Go bhfuil sé de cheart ag mic léinn a bhfuil Gaeilge acu comharthaíocht dhátheangach a bheith curtha in airde ar champas chun timpeallacht comhionann a chruthú don Ghaeilge agus dóibh siúd a labhraíonn í.

Mar sin, sainordaíonn an comhairle:

Leas-Uachtarán don Ghaeilge AMLÉ tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ó thuadh comharthaíocht dhátheangach a lorg ar champas. Ba cheart go n-oibreoidh LU don Ghaeilge leis na Cumainn Ghaelacha agus Aontais na Mac Léinn brú a chur ar Údaráis an Choláiste comharthaí dátheangacha a chur ar champas le Gaeilge agus Béarla ar mhéid chomhionann.

Congress notes

The importance of providing bilingual signage on campus for students and staff who speak Irish.

Congress notes

The work being done by Irish societies and Students’ Unions in the North in campaigning for bilingual signage on campus.

Congress believes:

Students who speak Irish should have the right to have bilingual signage in place on campus to create an environment of equality for Irish and for students who speak it.

Therefore, congress mandates:

The USI Leas-Uachtarán don Ghaeilge to support students in the North in getting bilingual signage on campus. The LU don Ghaeilge should work with the Irish societies and Students’ Unions the put pressure on college authorities to provide bilingual signage on campus where Irish and English are given equal footing.

2021 GAE NC 3: Imeachtaí d’Fhoghlaimeoirí / Events for Learners

Proposed by LU Gaeilge

Aithníonn an chomhdháil

An deacracht a bhíonn ag daoine a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge toisc nach bhfuil Gaeilge acu.

Creideann an chomhdháil

Gur cheart go mbeadh tuilleadh deiseanna ag daoine gan mórán Gaeilge páirt a ghlacadh i gcur chun cinn na teanga laistigh den Aontas.

Mar sin sainordaíonn an chomhdháil

Go n-eagródh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge imeacht amháin trí Bhéarla maidir le cúrsaí éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge gach bliain le níos mó daoine nach bhfuil Gaeilge acu a mheallfadh le bheith páirteach i gcur chun cinn na teanga.

Congress notes:

The difficulty some people have taking part in the promotion of Irish because they can’t speak the language.

Congress believes:

That there should be more opportunities for those who don’t have Irish to take part in the promotion of the language within the Union.

Therefore, congress mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to organise one event a year through English which covers various aspects of Irish to encourage more people who don’t have Irish to participate in the promotion of the language.

2021 GAE 1: Seimineár na Gaeilge

Molta ag Coiste Cultúrtha AMLÉ

Aithníonn an Chomhdháil

Go n-eagraíonn AMLÉ Seimineár na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge gach bliain.

Aithníonn an Chomhdháil

Go mbíonn an-rath ar imeachtaí ar nós Traenáil Bhándearg agus Mná i gCeannas, a spreagann mic léinn le bheith páirteach sa ghníomhaíochas agus a chruthaíonn pobail do mhic léinn éagsúla trasna an oileáin.

Mar sin sainordaíonn an Chomhdháil:

Don Leas-Uactarán don Ghaeilge Seimineár na Gaeilge a eagrú do mhic léinn agus oifigigh in Aontas na Mac Léinn le Gaeilge gach bliain a dhíríonn ar an ngníomhaíochas teanga agus a chruthaíonn líonra do mhic léinn agus oifigigh in Aontas na Mac Léinn le Gaeilge trasna an oileáin. Ba cheart go n-eagrófaí Seimineár scartha ó imeachtaí Seachtain na Gaeilge agus ba cheart go ndíreofaí ar réimsí éagsúla a bhaineann leis an ngníomhaíocht teanga ar nós an Ghaeilge sa Chóras Oideachais, cearta teanga thuadh agus theas, agus caomhnú na Gaeltachta.

Aisghaireann 15 GA 1

Congress notes:

That USI organises Seimineár na Gaeilge as part of Seachtain na Gaeilge each year

Congress also notes:

That events such as Pink Training and Women Lead are successful in inspiring students to become more involved in activism and creating different communities for students across the island.

Congress therefore mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to organise Seimineár na Gaeilge for students and student officers with Irish each year which focuses on Irish language activism and which aims to create a network of students and student officers with Irish across the island. The event should be run separately to events for Seachtain na Gaeilge, and should focus on various aspects of Irish language activism including, Irish in the education system, Irish language rights North and South, and the preservation of the Gaeltacht.

Repeals: 15 GA 1

2021 GAE 2: Cur Chun Cinn na Gaeilge sna Balleagraíochtaí // Promoting Irish in Member Organisations

Molta ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Aithníonn an Chomhdháil

Go bhfuil an-obair déanta ag na balleagraíochtaí a ghlac páirt sa scéim Bonn na Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn ina gcoláistí féin.

Aithníonn an Chomhdháil

Go bhfuil an-chuid deacrachtaí ag roinn balleagraíochtaí páirt a ghlacadh sa scéim, go háirithe na hAontais ó Thuadh, agus na hAontais bheaga nach bhfuil mórán acmhainní acu.

Creideann an Chomhdháil

Go bhfuil an-tábhacht le cur chun cinn na Gaeilge sna balleagraíochtaí agus gur cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an scéim seo le cuidiú le balleagraíochtaí a bheith níos dátheangaí.

Mar sin sainordaíonn an Chomhdháil

Go ndéanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge tuilleadh forbartha ar an mbonneagar seo in éineacht le heagraíochtaí Gaeilge ábhartha leis an scéim a leathnú agus deis a chur ar fáil do níos mó Aontas agus mic léinn a bheith páirteach ann. Ní mór deiseanna maoinithe a fhiosrú le heagraíochtaí ábhartha chun go mbeidh deis ag níos mó balleagraíochtaí páirt a ghlacadh.

Ina theannta sin, sainordaíonn an Chomhdháil

Go gcruthóidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge pacáistí acmhainní do na balleagraíochtaí atá ag glacadh páirt sa scéim le treoireacha ar chonas spriocanna áirithe a chur i gcrích mar atá leagtha amach sa sceim, ionas go mbeidh siad in ann a bheith níos dátheangaí.

Aisghaireann 20 GAE 8

Congress Notes:

That a lot of work has been done by member organizations who have taken part in the Bonn na Gaeilge scheme to promote Irish in their own colleges.

Congress also notes:

That many member organizations have found it difficult to participate in the scheme, especially MOs in the North, and smaller MOs without many resources.

Congress believes:

That the promotion of Irish within MOs is extremely important, and that further development should be made to the existing Bonn na Gaeilge scheme to help MOs become more bilingual.

Therefore, Congress mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to further develop the scheme with relevant Irish language organisations, to allow more MOs to participate in it fully. Funding opportunities with relevant bodies should also be researched in order to allow more MOs to engage with the scheme.

Congress also mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to create a resource pack with specific guidelines on how to complete certain actions as outlined in the scheme, so that they can become more bilingual.

Repeals: 20 GAE 8

2021 GAE 3: Seachtain na Gaeilge

Molta ag/Proposed by Coiste Cultúrtha AMLÉ

Aithníonn an Chomhdháil

Go mbíonn Seachtain na Gaeilge á réachtail go náisiúnta idir 1-17 Márta gach bliain.

Creideann an Chomhdháil

Go bhfuil sé tábhachtach go n-eagraítear imeachtaí atá dírithe ar mhic léinn mar chuid den fhéile seo.

Mar sin sainordaíonn an Chomhdháil

Go n-eagróidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge imeachtaí agus tionscainmh atá dírithe ar mhic léinn mar chuid de Sheachtain na Gaeilge gach bliain. Ní mór do na himeachtaí seo a bheith dírithe ar réimse leathan mac léinn ar nós, foghlaimeoirí, mic léinn sa Ghaeltacht, mic léinn ó Thuadh agus mic léinn sna Cumainn Ghaelacha.

Ina theannta sin, sainordaíonn an Chomhdháil:

Go ndéanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge seó bóthair a eagrú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus deis a thabhairt do bhalleagraíochtaí nach féidir leo imeachtaí a reáchtáil mar chuid den fhéile an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid mic léinn.

Aisghaireann 15 GA 4

Congress Notes:

That Seachtain na Gaeilge happens nationally from 1-17 March each year.

Congress Believes:

That it’s important that events are organized for students as part of the campaign.

Therefore, Congress mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to organise events and initiatives for students as part of Seachtain na Gaeilge each year. These should meet the needs of a wide range of students such as those learning Irish, students from Gaeltacht areas, students from the North, and students in the Cumainn Ghaelacha.

Congress also mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to organise a Seachtain na Gaeilge roadshow to give MOs who can’t organise their own events as part of the campaign to have the opportunity to promote Irish to their students.

Repeals 15 GA 4

2021 GAE 5: Comhoibriú le hEagraíochtaí Mac Léinn san Eoraip // Co-Operation with Student Groups in Europe

Molta ag / Proposed by Coiste Cultúrtha AMLÉ

Aithníonn an Chomhdháil

Go bhfuil nasc láidir idir an Ghaeilge agus teangacha mionlaigh eile san Eoraip.

Aithníonn an Chomhdháil chomh maith

Go bhfuil eagraíochtaí mac léinn i dtíortha eile a dhéanann obair le teangacha mionlaigh eile a chur chun cinn ag an tríú leibhéal

Creideann an Chomhdháil

Go bhfuil sé tábhachtach go n-oibríonn AMLÉ le heagraíochtaí i dtíortha eile ar chur chun cinn na dteangacha mionlaigh i measc mic léinn le foghlaim uathu agus chun tacaíocht a thabhairt dá chéile.

Mar sin, sainordaíonn an Chomhdháil:

Go rachaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge i dteagmháil le grúpaí mac léinn a dhéanann obair le mionteangacha eile a chur chun cinn ag an tríú leibhéal le deiseanna comhoibrithe a fhiosrú leo agus le taighde a dhéanamh ar na bealaí éagsúla le mionteanga a chur chun cinn i measc mic léinn.

Aisghaireann IL 19-7

Congress notes:

That there is a strong link between Irish and other minority languages in Europe.

Congress also notes:

That there are student groups in other countries who work on the promotion of other minority languages at third level

Congress believes:

That is is important for USI to work with organisations in other countries on the promotion of minority languages among students and to learn from them and to support each other.

Therefore, Congress mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to contact organizations in other countries who work on promoting minority languages at third level to look at opportunities for co-operation and to research the various ways to promote minority languages among students.

Repeals IL 19-7

2021 GAE 6: Páipéar Seasaimh ar an nGaeilge sa Chóras Oideachais // Position Paper on Irish in the Education System

Molta ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Glacann an Chomhdháil

Le Páipéar Seasaimh AMLÉ ar Oideachas na Gaeilge

Congress adopts

The USI Position Paper on Irish in the Education System

Aisghaireann / Repeals: 20 GAE 1, 20 GAE 5, 20 GAE 6, IL 19-4, 2018 IL 5

2021 GAE 7: Suirbhé le haghaidh Modúilgaeilge / Survey for Irish module

Proposed By NUI Galway Students’ Union

Aithníonn an Chomhdháil

Go bhfuil spéis ag méadú i leibhéal na Gaeilge a fhorbairt i measc mic léinn agus an daonra i gcoitinne.

Admhaíonn an Chomhdháil

Go bhfuil easpa modúl agus cúrsaí á dtairiscint trí mheán na Gaeilge, agus nach bhfuil go leor á dtairiscint faoi láthair chun an fonn méadaithe atá ann neart na Gaeilge a fhorbairt sa daonra a shásamh.

Mar sin, sainordaíonn an Chomhdháil

An Leas Uachtarán don Ghaeilge suirbhéanna a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh agus taighde a bhaint amach faoin éileamh atá ann do chúrsaí agus modúil, srl. a chur ar fáil trí Ghaeilge agus tuairisc a thaispeáint don Chomhairle Náisiúnta agus na Ranna Rialtais chuí trí obair a dhéanamh le heagraíochtaí a bheadh dírithe ar an ionchuimsiú agus ar chur chun cinn na Gaeilge.

Congress Notes

That there is a growing interest for developing the level of Irish among students and the wider population.

Congress Regrets

That there is a lack of modules and courses offered through irish and that there isnt enough currently being offered in order to satisfy the growing appetite for developing the strength of Irish within the population.

Therefore, Congress Mandates

The LUDG to use surveys to investigate and carry out research in exploring demand for offering courses, modules, etc. through Irish and to produce a report on this to National Council and the relevant Governmental Department through working with organisations that would tailor to inclusion and promotion of Irish.

20 GAE 4 Irish Language Working Group

Proposed by IT Sligo Students’ Union

Congress notes:

The position of Leas – Uachtarán don Gaeilge became a full time position in Congress 2018-2019 as Congress believed it was important to have a full time officer to roll out the various tasks throughout the year. Since the introduction of the role as a full time position Congress has seen the great work that has been done by the Leas Uachtarán don Ghaeilge and how the Irish Language has grown since the full time position has been put in place.

Congress further notes:

That other full time officers in the executive team are allocated time to roll out working groups at every National Council.

Congress therefore mandates:

The President to allow for an Irish Working Group in the National Council schedule and The Irish Language Officer/Leas–Uachtarán don Ghaeilge to run an Irish working group at every National Council.

 

20 GAE 5: Cúrsaí Lán Ghaeilge ag an Tríú Leibhéal / Courses through Irish at Third Level

Proposed by An Coiste Cultúrtha Aithníonn an Chomhdháil

Go bhfuil an-chuid daoine le Gaeilge ag dul isteach in institiúidí ardoideachais nach mbaineann úsáid as a gcuid Gaeilge tar éis na scoile.

Aithníonn an Chomhdháil chomh maith

Go bhfuil easpa tacaíochta ar fáil i roinnt coláistí do chainteoirí Gaeilge, go háirithe cainteoirí dúchais, agus daoine a d’fhreastal ar an mbunscoil agus/nó an meánscoil trí Ghaeilge nuair a théann siad isteach sa tríú leibhéal. Tá easpa rogha acu maidir le cúrsaí iomlán trí Ghaeilge nach mbaineann leis an teanga féin agus mar sin ní fheictear dóibh gur cheart an teanga a labhairt a thuilleadh.

Creideann an Chomhdháil

Gur cheart go mbeadh níos mó cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge ar fud na tíre nach mbaineann leis an teanga í féin, le freastal ar an bpobal seo a bhfuil Gaeilge acu ach ar mhaith leo a bheith ag obair in earnáileacha nach mbaineann leis an teanga féin mar shampla, Gnó, Dlí, STEM srl.. Mar sin bheadh níos mó daoine le Gaeilge ag obair in earnálacha éagsúla a bheadh in ann freastal ar an bpobal i gcoitinne go hiomlán trí Ghaeilge le cearta teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

Mar sin, sainordaíonn an Chomhdháil

Go rachaidh an LU don Ghaeilge i mbun stocaireachta ar an Roinn Oideachas, agus an Roinn Cultúr Oidhreachta agus Gaeltachta le tuilleadh infheistíocht a dhéanamh i gcúrsaí lán Ghaeilge timpeall na tíre ionas go mbeidh deis níos fearr ag mic léinn a gcuid cumas sa teanga a chothú agus a bheith ag obair in earnálacha éagsúla trí Ghaeilge.

Aisghaireann: 12 G 1

Congress notes:

That there are many students with Irish entering third level education who do not use their Irish after school.

Congress also notes:

The lack of support given to students who have Irish, especially native speakers and those who attend primary and secondary school through Irish, when they enter third level. There is also a lack of choice in courses conducted through Irish which are not related to Irish itself and students don’t see the value in speaking Irish anymore.

Congress Believes:

That more courses should be made available fully through Irish, which are not centred around the language itself, to cater to this group who speak Irish but who would like to work in areas outside of the language itself for example, Business, Law, STEM etc.Therefore there would be more people working in different sectors who have Irish, and who can deal with the general public through Irish and fulfill language rights provisions made under the Official Languages Act 2003.

Therefore Congress Mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to lobby the Department of Education and Department of Culture, Heritage, and the Gaeltacht to invest more in courses conducted through Irish throughout the country so that students have a better chance of maintaining their Irish and being able to work in various sectors through Irish.

Repeals: 12 G 1

20 GAE 6: Tumoideachas Gaeilge / Immersive Education through Irish

Proposed by An Coiste Cultúrtha

Aithníonn an Chomhdháil:

An méid daoine sa tír seo a dhéanann staidéar ar an nGaeilge sa Choláiste, idir an teanga féin agus a cúrsaí oideachais, nach bhfaigheann go leor tacaíochta ó thaobh labhairt na teanga de le linn céime.

Creideann an Chomhdháil

Go bhfuil an- tábhacht leis an tumoideachas mar chuid d’aon chéim a bhaineann le teanga ar bith. Tá easpa deiseanna ag mic léinn úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge labhartha le linn na céime ach amháin nuair a théann siad chun na Gaeltachta nó má tá siad i mbun scrúdú béil. Ní leor an méid seo go mbeadh mic léinn líofa sa teanga go háirithe d’ábhair oide nuair ar ghá dóibh a bheith in ann an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí.

Chomh maith leis sin, creideann an Chomhdháil:

Gur cheart go mbeadh tréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid de gach cúrsa a bhaineann leis an nGaeilge gan costais bhreise ar mhic léinn le freastal orthu. Ba cheart go mbeadh na Ghaeilge níos fite fuaite sna ábhair eile a dhéanann na hábhair oide mar shampla, ceol, ealaíon, corpoideachas ionas go gcloisfidh agus go labhróidh siad an Ghaeilge níos minice mar chuid den chéim.

Mar sin, sainordaíonn an Chomhdháil:

Go rachaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge agus an Leas-Uachtarán um Chúrsaí Acadúla i mbun stocaireachta ar an Roinn Oideachas, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Institiúidí Ardleibhéal le tréimhsí foghlama sa Ghaeltacht a tharraingt isteach mar chuid de chúrsaí a bhaineann le Gaeilge ionas go mbeidh an deis an mic léinn a bheith iomlán tumtha sa teanga.

Chomh maith leis sin, sainordaíonn an Chomhdháil:

Go rachaidh an LU don Ghaeilge i mbun stocaireachta ar an Roinn Oideachais, an Comhairle Mhúinteoireachta, Ceardchumainn na Múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile leis an Ghaeilge a tharraingt isteach níos mó sna cúrsaí bunoideachais chun go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na hábhair oide le linn na céime.

Congress Notes

The large number of people in the country who study Irish in college, between the language itself and education courses, who do not receive enough support when it comes to speaking the language throughout their degree.

Congress believes:

That it is hugely important to have immersive education as part of any degree which involves learning a language. There is a distinct lack of opportunity for students to speak Irish during their degree with the exception of going to the Gaeltacht or oral exams. This is not enough for students to become properly fluent in the language, especially for student teachers who should be able to teach children in Irish.

Congress also believes:

That learning periods in the Gaeltacht should be a part of any course which involves the Irish language without any extra cost to the student for attending. Irish should be further integrated into other subjects studied by student teachers for example music, art, PE, so that Irish will be heard and spoken more as part of their degree.

Therefore Congress mandates:

The Leas-Uachtaran don Ghaeilge to lobby the Department of Education, the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, and HEIs to introduce Gaeltacht courses into any degree which involves learning Irish so that students have more of an opportunity to become immersed in the language.

Congress further mandates:

The Leas-Uachtarán don Ghaeilge to lobby the Department of Education, the Teaching Council, Teachers’ unions and other relevant organisations to integrate Irish into ITE programmes so that student teachers will have more opportunity to practice their Irish during their degree.

 

20 GAE 9: An Ghaeilge ó Thuadh – New Decade New Deal

Proposed by An Leas-Uachtarán don Ghaeilge

Aithníonn an Chomhdháil

Na Céimeanna móra a rinne an Feidhmeannas ó Thuadg i gComhaontú New Decade New Deal Approach maidir le Gaeilge trí Choimsinéir Teanga a chruthú agus aisghairm na bpéindlíthe deireanach.

Aithníonn an Chomhdháil chomh maith

An sár-obair gníomhaíochta a rinne An Dream Dearg agus mic léinn ó Thuadh leis an méid seo a bhaint amach.

Creideann an Chomhdháil:

Cé go bhfuil na héachtaí seo iontach dearfach, ní leor iad i gcomparáid leis an Acht Gaeilge a éilítear, go háirithe toisc nach luaitear aon rud faoi chomharthaíocht dhátheangach ann.

Sainordaíonn an Chomhdháil:

Go leanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag tacú le hobair an Dream Dearg agus eagraíochtaí Gaeilge.

Chomh maith leis sin sainordaíonn an Chomhdháil:

Go bhforbródh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge feachtas in éineacht le NUS-USI agus balleagraíochtaí leasmhara le ciorraithe ar chúrsaí Gaeilge a sheachaint, go leathnófaí cúrsaí ionas gur féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge le hábhair eile, go méadófaí infheistíocht i Ranna Gaeilge agus le tacaíocht a thabhairt do na Cumainn Ghaelacha agus d’Oifigigh Ghaeilge maidir le cúrsaí eile Gaeilge ar champas.

 

2018 IL 1: Updating of Language and Terminology – Uasdhátú Téarmaíochta agus Teanga

Reapproved 2021

Rúin ón Grúpa Oibre/Motions from Irish Language Working Group

Tugann An Comhdháil Faoi Deara:

An sár-obair atá déanta ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge le linn na bliana maidir le haistriúchán na dtéarmaí LADTA+ go Gaeilge.

Anuas air sin, tugann An Comhdháil Faoi Deara:

Go raibh an obair seo an-thábhachtach, agus in éineacht leis seo, rinneadh obair ag eagraíochtaí eile sa bhliain maidir le haistriúchán téarmaíochta go Gaeilge, mar shampla, téarmaíocht a bhaineann le cine.

Tuigeann An Comhdháil:

Chun reachtaíocht a scríobh in Éirinn, caithfear í a scríobh trí mhéan na Gaeilge, agus go bhfuil an leagan Gaeilge den dlí agus den bhunreacht mar ard-leagan dóibh.

Mar sin, sainordaíonn An Comhdháil:

Gur cheart don Leas-Uachtarán don Ghaeilge obair leanúnach a dhéanamh maidir le haistriúchán na dtéarmaí atá chun cinn i gcúrsaí cothroime in Éirinn, agus gur cheart dóibh díriú isteach ar an téarmaíocht nach bhfuil mar fhócas i measc eagraíochtaí eile a bhaineann leis an Ghaeilge go speisialta.

Congress Notes

The excellent work done by USI VP for Irish Language this year regarding translating LGBTQ+ terms into Irish.

Congress further notes

That this work was very important, and that alongside it there has been work by other bodies this year translating terminology into Irish, such as terminology related to race.

Congress understands

That in order for legislation to be written in Ireland, it needs to written into the Irish language, and that the supreme form of the law and constitution are the Irish Language versions.

Congress therefore mandates

That the VP for Irish Language work continually on translating terminology that is at the fore front of social justice issues in Ireland and that they focus on terminology that may not be the focus of other Irish Language groups.